Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:57 Page 119
Aonad a trí | Ar scoil
iontacha, le haisteoirí tallannacha agus le fuaimlorg (soundtrack) den chéad scoth. Is iad cúrsaí grá, sult agus spraoi na hóige is ábhar de na hamhráin chorraitheacha Summer Nights, Greased Lightnin’ agus You’re The One That I Want! atá ag baint macallaí as díonta i bpictiúrlanna ar fud an domhain fiú sa lá atá inniu ann!
Tá an scannán suite i gcathair Chicago sa bhliain 1959. Tá laethanta saoire an tsamhraidh thart agus tá na daltaí ag filleadh ar Rydell High don scoilbhliain nua. Tarlaíonn cuid mhaith de phríomhimeachtaí an scannáin i dtimpeallacht na scoile áit a gcastar an bheirt phríomhcharachtar, Danny Zuko (John Travolta) agus Sandy Olsson (Olivia Newton-John), orainn. Is beag spéis atá ag Danny sa léann ach is cailín ciúin stuama í Sandy. D’éirigh siad ceanúil ar a chéile i rith an tsamhraidh agus cé go bhfuil Danny splanctha ina diaidh, ligeann sé air nach bhfuil suim aige inti anois ar eagla go mbeidh a chairde ag spochadh as. Cuirtear críoch shona leis an scannán nuair a thagann cairde scoile Sandy (na Pink Ladies) i gcabhair uirthi agus éiríonn léi a grá geal a fháil ar ais.
Ta cáil Grease ag méadú fos de réir mar a chuireann glúin nua aithne air. Cé go bhfuil dealramh ag High School Musical, an scannán ceoil is deireanaí atá ag tarraingt cainte i measc an phobail, le Grease, is í an cheist mhór ná an mbeidh sé sin i mbéal an phobail fós i gceann dhá scór bliain eile? Is maith an scéalaí an aimsir.
Gluais stuama: ciallmhar ceanúil: grámhar
splanctha ina diaidh: go mór i ngrá le duine ag spochadh as: ag magadh faoi
i mbéal an phobail: bíonn an- chuid daoine ag caint faoi