Maoin 3 Chap 6 – 10.qxp:Maoin 06/12/2010 16:20 Page 367
Aonad a hocht | Laethanta saoire, an dúlra agus sláinte an duine Litir Fhoirmeálta
Léigh tú alt i nuachtán Gaeilge faoin ábhar ‘Níl meas madra ag aos óg na tíre ar an timpeallacht.’ Scríobh an litir a chuirfeá chuig eagarthóir an nuachtáin sin i dtaobh a raibh san alt sin.
I do litir luaigh:
• dhámhórphointe a bhí san alt ar an ábhar • dhá thuairim uait féin ar an ábhar • pointe amháin eile faoin alt.
3 Corrán na Darach, An Uaimh, Co. na Mí.
25 Bealtaine 20__
An tEagarthóir, Éire Inniu, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15.
A Eagarthóir, a chara,
Beatha agus sláinte! Léim do pháipéar nuachta gach lá agus ní mó ná sásta a bhí mé nuair a léigh mé an t-alt faoi aos óg an lae inniu in eagrán na Céadaoine seo caite.
Dúirt an t-iriseoir Seán Ó Ruairc nach bhfuil meas madra ag aos óg na tíre ar an timpeallacht. Mar bharr ar an donas, dúirt sé nach gcuirtear oideachas ceart ar dhaoine óga maidir le caomhnú na timpeallachta i scoileanna na tíre!
Ba cheart náire a bheith air! Ar an gcéad dul síos is dalta scoile mé agus sílim go bhfuil an-obair ar siúl ag múinteoirí chun oideachas a chur orainn maidir le slánú na timpeallachta. Cuireann siad go leor áiseanna ar fáil dúinn a spreagann sinn agus a chuireann ar ár gcumas glantachán agus athchúrsáil a dhéanamh go rialta ar scoil. Tá obair éachtach ar siúl i mbunscoileanna agus i meánscoileanna ar fud