Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 16:00 Page 198
Aonad a cúig | Cúrsaí Ceoil Cineálacha ceoil
ceol aireagail – chamber music ceol cajun – cajun music
ceol clasaiceach – classical music
ceol damhsa/ceol rince – dance music ceol eaglasta – church music
ceol traidisiúnta, – traditional music ceol gaelach ceol hip-hop – hip-hop music ceol indie – indie music
ceol miotal trom – heavy metal music popcheol – pop music rac-cheol – rock music rapcheol – rap music
ceol siansach – symphony music snagcheol – jazz
ceol pobail – folk music ceol tíre – country music
Bí ag caint
Inis dom faoi chaitheamh aimsire atá agat. An bhfuil suim agat i gceol? Cén saghas ceoil is fearr leat? Cén saghas ceoil nach maith leat? Cén fáth? Cé hé an ceoltóir/an t-amhránaí/an réalta phopcheoil is fearr leat? Cén fáth a bhfuil meas agat air/uirthi? Inis dom faoi/fúithi. Cad é an grúpa ceoil is fearr leat? Tabhair roinnt eolais dom faoi bhaill an ghrúpa. An bhfuil tú i do bhall de bhanna ceoil nó de cheolfhoireann? An ndéanann tú ceol mar ábhar scoile? An maith leat é?
Bí ag scríobh
Scríobh alt faoin gceoltóir nó faoin ngrúpa ceoil is mó a thaitníonn leat.
Roinnt seanfhocal Ní bhíonn meas ar an aonphort.
There’s no regard for the person who harps on the same string.
Oíche aerach is maidin bhrónach. A merry night and a sorrowful morning.
198
Bíonn dhá insint ar scéal agus dhá insint déag ar amhrán.
There are two sides to every story and twelve to every song.
Nuair a stadann an ceol, stadann an rince. When the music stops, the dance stops too.