Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:55 Page 85
Aonad a dó |Mo cheantar féin
Freagra samplach
i Rinne mé staidéar i rith mo chúrsa ar an dán An Blascaod Mór Anois le Máire Áine Nic Gearailt. Sílim go bhfuil an téama (c) uaigneas i gceist sa dán seo.
ii Insíonn an file dúinn faoin oileán cáiliúil seo atá tréigthe anois. Bhí daoine ina gcónaí ann fós leathchéad bliain ó shin ach bhí orthu an Blascaod Mór a fhágáil nuair a
bhí riachtanais na beatha ag éirí gann: D’imigh na daoine leo
Amach chun na míntíre Tá ’n Blascaod ciúin anois Leis féin os cionn na taoide.
Déanann an file pearsantú ar an oileán nuair a deir sí go bhfuil sé ina thost anois agus gur cuimhin leis na seanlaethanta nuair a bhí páistí á dtógáil ar an mBlascaod agus nuair a bhí pobal an oileáin in ann brath ar an iascaireacht chun maireachtála:
Is cuimhin leis páistí beaga Ag súgradh ar an trá
Is naomhóga ag iascaireacht Amuigh go domhain sa bhá.
Sa deireadh, theip ar an tslí bheatha sin, bhí na daoine stiúgtha leis an ocras agus cuireadh iachall orthu bailiú leo chun na míntíre. D’fhág siad slán ag an oileán agus b’eol dóibh nach mbeidís ag filleadh ar a ndúchas go deo. Bhí deireadh leis an gcuid sin den seanchultúr Gaelach a bhí beo beathach ar an oileán go dtí tús na gcaogaidí. Tá an t-oileán mar a bheadh duine uaigneach, aonarach anois agus tá taibhsí agus tithe tréigthe mar chuideachta aige:
Ach b’fhéidir go bhfuil taibhsí Ag insint scéal nó dhó
Cois tine ar an mBlascaod Faoin saol a bhí ann fadó.
Is léir, mar sin, go bhfuil téama an uaignis agus scéal truamhéalach an Bhlascaoid Mhóir fite fuaite lena chéile sa dán seo.