Maoin 3 Chap 6 – 10.qxp:Maoin 06/12/2010 16:21 Page 394
Aonad a hocht | Laethanta saoire, an dúlra agus sláinte an duine
D. Déan claoninsint ar na habairtí seo a leanas ag tosú le ‘Dúirt Conchúr le Deirdre’. 1. ‘Beidh mé ag bualadh le Síofra ag an bpictiúrlann.’
2. ‘Ullmhóidh na haisteoirí dráma don stáitse.’ 3. ‘Déarfaidh mé le Cáit go bhfeicfidh mé ag an gcéilí í.’ 4. ‘D’oibrigh mé go dian sa bhialann.’ 5. ‘Déanfaidh sé a dhícheall sa scrúdú.’ 6. ‘Fillfidh a athair abhaile go luath.’
Trialacha Teanga Comhthéacsúla – Cuid A 1 (10 marc)
Bhí tú ag caint le do chara Sadhbh faoina laethanta saoire sa Spáinn. Nuair a chuaigh tú abhaile, dúirt tú le do thuismitheoirí céard a d’inis sí duit. Chuaigh mé ar saoire go dtí an Iodáil an tseachtain seo caite. Bhain mé an-taitneamh as an tsaoire
mar bhuail mé lena lán déagóirí eile a bhí ag fanacht san ionad saoire. Chuaigh mé féin agus mo theaghlach go dtí an trá gach maidin tar éis an bhricfeasta. Thugamar cuairt ar chúpla músaem agus d’itheamar béilí blasta sna bialanna áitiúla.
Tosaigh mar seo: Dúirt Sadhbh liom go ndeachaigh sí…
2 (10 marc)
Bhí tú ag caint le do chara Mairéad faoi scannán maith a chonaic sí lena rang le déanaí. Nuair a chuaigh tú abhaile, dúirt tú le do dheirfiúr céard a d’inis Mairéad duit. Shroicheamar an phictiúrlann ar a dó a chlog. Chuir an múinteoir Fraincise na ticéid in áirithe
roimh ré. Cheannaíomar grán rósta agus deochanna agus thaispeánamar na ticéid don ghiolla. Mhair an scannán ar feadh uair go leith agus bhaineamar an-taitneamh as.
Tosaigh mar seo: Dúirt Mairéad liom gur shroich siad an phictiúrlann…
3 (10 marc)
Bhí tú ag caint le do chara Marcas faoi scrúduithe an tsamhraidh atá thart anois. Nuair a chuaigh tú abhaile, dúirt tú le d’athair céard a d’inis Marcas duit. Bhí an scrúdú Béarla an-deacair. D’éirigh liom ceithre cheist a fhreagairt. Níor thuig mé ceist ar
bith sa scrúdú Fraincise. Chuaigh mé abhaile ag am lóin agus rinne mé roinnt staidéir don scrúdú Matamaitice. Fuair mé ríomhaire póca ar iasacht ón múinteoir matamaitice roimh an scrúdú.