Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:59 Page 172
Aonad a ceathair | Cúrsaí Spóirt
Níor bheag an bhaint a bhí ag na meáin chumarsáide leis na Cluichí mar bhí tráchtaireacht ar na Cluichí le cloisteáil go rialta ar an stáisiún raidió ‘Voice of the Games’ agus taispeánadh buaiceanna na gCluichí ar an teilifís. Foilsíodh lámhleabhar do dhaoine a bhí ag lorg tuilleadh eolais faoi na Cluichí chomh maith le nuachtán laethúil The Games Gazette agus an nuachtlitir Countdown. Bhí suíomh idirlín oifigiúil ag na Cluichí a bhí ar fáil i nGaeilge agus i naoi dteanga eile.
Tháinig na lúthchleasaithe speisialta go hÉirinn agus léirigh siad nach iad na boinn agus an ghlóir is tábhachtaí ach páirt a ghlacadh agus do dhícheall a dhéanamh i gcónaí. Tar éis an tsaoil nach é mana na gCluichí Domhanda ná ‘go raibh an bua agam ach, mura raibh, go raibh mé cróga san iarracht!’
Gluais
oibrithe deonacha: daoine nach bhfaigheann pá dá gcuid oibre na buaiteoirí: na daoine a mbíonn an bua acu tráchtaireacht: caint agus míniú ar na cluichí buaiceanna: na codanna is fearr tuilleadh: níos mó