Maoin 3 Chap 6 – 10.qxp:Maoin 06/12/2010 16:16 Page 274
Aonad a sé | Na Meáin Chumarsáide
Sa tríú véarsa deir sé linn go bhfuil leabhair ar nós eachtraí a mbíonn an léitheoir páirteach iontu. Léirítear dea-thréithe agus droch-thréithe an duine iontu agus is féidir leis an léitheoir a bheith ina laoch nó ina rógaire. Deir an file sa cheathrú véarsa gur cineál aislinge nó brionglóide é leabhar a léamh ‘a sheolann tú i gcéin’ agus gurb iontach an chabhair é chun an t-uaigneas a dhíbirt.
Sa chúigiú véarsa luann an file téama an taistil arís nuair a dhéanann sé tagairt do ‘pas’. Tugann gach leabhar cead duit ‘taisteal gan srian’ .i. níl a bhac ort do shamhlaíocht a úsáid nuair a bhíonn leabhar á léamh agat.
Baineann an file úsáid as pearsantú sa dán nuair a thugann sé ‘compánach’ ar leabhar atá ‘mar sheanchaí cairdiúil’ a insíonn scéalta suimiúla corraitheacha don léitheoir.
Ní rud leamh leadránach é a bheith ag léamh leabhar ach deis éalú isteach i ndomhan na samhlaíochta. Is féidir leis an léitheoir dearmad a dhéanamh ar bhuarthaí an tsaoil (ar a c(h)uid fadhbanna) ar feadh tamaill.
Tá atmaisféar sona, áthasach agus corraitheach sa dán nuair a dhéanann an file cur síos ar iontas na léitheoireachta. Léiríonn sé gur féidir le gach duine taitneamh agus tairbhe a bhaint as an léitheoireacht mar chaitheamh aimsire.
Mothúcháin
Is é an t-áthas an mothúchán is treise sa dán. Tá an t-áthas le brath go tréan sa dán thuasluaite mar is léir go dtaitníonn leabhair go mór leis an bhfile. Teastaíonn uaidh an t-áthas seo a roinnt le daoine eile nuair a mholann sé do dhaoine triail a bhaint as an léitheoireacht.
Níl teorainn le samhlaíocht an léitheora agus ní bhíonn uaigneas air toisc go gcastar daoine eile air sa leabhar. Tá an leabhar féin mar a bheadh seanchaí atá ag insint scéil don léitheoir. Tá deis ag an léitheoir bualadh le daoine spéisiúla, le laochra agus le rógairí. Tá sé in ann ‘taisteal’ go dtí áiteanna atá i bhfad i gcéin agus páirt a ghlacadh in eachtraí corraitheacha. Is féidir leis an léitheoir dearmad a dhéanamh ar a chuid fadhbanna ar feadh tamaill agus a bheith suáilceach.