Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:53 Page 11
Aonad a haon |Mé féin agus mo theaghlach
Rachaimis ar saoire go dtí na Stáit Aontaithe, d’fhanfaimis in óstán mórthaibhseach agus bheimis in ann cuairt a thabhairt ar cheantair ghalánta ar nós Nua Eabhrac agus Hollywood. Chaithfimis cúpla lá ag breathnú ar na radharcanna agus rachaimis ó dheas ansin chuig tránna Florida.
Nuair a d’fhillfinn thar n-ais ní dhéanfainn faillí ar mo chuid staidéir agus chríochnóinn an Teastas
Sóisearach agus an Ardteistiméireacht. Dhéanfainn deimhin de go mbeadh mo dhóthain airgid curtha i dtaisce agam ionas go mbeinn in ann freastal ar an Ollscoil mar b’aoibhinn liom céim leighis a bhaint amach. Ar ndóigh, bhraithfeadh sé sin ar mo chuid torthaí scrúdaithe.
Ba bhreá liom cuairt a thabhairt ar mo sheanchara,
Sinéad, atá ina cónaí i bPáras le dhá bhliain anuas. Tá an- spéis ag an mbeirt againn san ealaín agus teastaíonn uaithi a bheith ina healaíontóir gairmiúil amach anseo. Dá rachainn sall chuici d’fhéadfaimis cuairt a thabhairt ar dhánlanna cáiliúla i bPáras ar nós an Louvre agus an Museé d’Orsay.
Bhronnfainn suim mhór airgid ar charthanais atá ag obair
ar son daoine bochta i dtíortha iasachta. Bheinn scothshásta dá mbeinn in ann mo mhaoin a roinnt le daoine eile.
Ach ní duine aislingeach mise agus ní chuirfidh sé as dom mura
n-éiríonn le mo theaghlach an duais mhór a bhuachaint. Táim i mbarr na sláinte, tá go leor airgid ag mo mhuintir agus, níos tábhachtaí fós, tá grá mór againn dá chéile agus is leor é sin mar mhaoin domsa. Mar a deir an seanfhocal - ‘Is fearr an tsláinte ná na táinte!’
Gluais mórthaibhseach: iontach
ag breathnú ar na radharcanna: ag tabhairt cuairte ar na háiteanna is cáiliúla
gairmiúil: proifisiúnta ar c(h)arthanais: ar eagrais dheonacha i dtíortha iasachta: thar lear scothshásta: an-sásta