Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:53 Page 16
Aonad a haon |Mé féin agus mo theaghlach
An comhrá teileafóin ‘Haigh, a Bhairbre. Seoidín anseo.’ ‘Aon scéal, a Sheoidín?’ arsa Bairbre.
‘Fan go gcloise tú. Tá Bee Movie ar siúl anocht sa phictiúrlann! An dtiocfaidh tusa agus Colm liom?’ arsa Seoidín.
‘Ba bhreá linn dul leat. Níl mo thuismitheoirí sa bhaile faoi láthair ach cuirfidh mé ríomhphost chuig Mam láithreach bonn,’ arsa Bairbre.
‘Iontach. Feicfidh mé an bheirt agaibh taobh amuigh den Odeon ar a seacht. Slán go fóillín!’ arsa Seoidín. ‘Ba dheas uait smaoineamh orainn, a Sheoidín. Beimid ann ar a seacht. Slán anois.’
Pictiúr 3
Breathnaíonn an cailín (Bairbre) sona ina suí os comhair an ríomhaire sa tríú pictiúr. Scríobhann sí ríomhphost chuig a máthair. Seo an méid a scríobhann sí:
A Mham,
Tá mise agus Colm ag dul go dtí an phictiúrlann sa bhaile mór le Seoidín. Beimid ar ais timpeall a naoi a chlog.
Le grá, Bairbre.
Pictiúr 4
Is léir ón gceathrú pictiúr gur chuir an bheirt acu (Bairbre agus Colm) a n-éadaí galánta orthu sular thug siad aghaidh ar an mbaile mór. Buaileann siad le Seoidín taobh amuigh den phictiúrlann. Breathnaíonn na daoine óga sona sásta agus tá an triúr ag caint agus ag gáire nuair a shiúlann siad i dtreo oifig na dticéad.