Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:58 Page 159
Aonad a ceathair | Cúrsaí Spóirt
Tugann spórt faoiseamh do na daltaí ó bhrú na scrúduithe agus ón obair scoile i gcoitinne agus bíonn deis acu bualadh le chéile i suíomh atá folláin agus sláintiúil.
Tá ár gcluichí náisiúnta againn in Éirinn a bhfuil an-tóir orthu fós - an iomáint, an pheil Ghaelach agus an chamógaíocht. Is cluichí amaitéaracha iad agus imríonn daoine iad ar son an phléisiúir a thugann siad dóibh. Déanann na cluichí spóirt seo an-mhaitheas do na daoine a ghlacann páirt iontu agus baineann an lucht leanúna sult astu freisin. Bíonn éileamh mór i gcónaí ar thicéid do chluichí Gaelacha agus bíonn páirceanna imeartha ar fud na tíre dubh le daoine ag an deireadh seachtaine nuair a bhíonn cluichí ar siúl. Ní mó ná sásta a bhíonn roinnt daoine nuair a theipeann orthu ticéid a cheannach.
Is dócha go bhfuil a rogha pearsa spóirt ag gach duine agus bíonn ríméad orthu nuair a éiríonn leis an bpearsa sin cúl a ghnóthú don fhoireann nó rás a bhuachaint. Cuireann na pearsana spóirt seo misneach ar dhaoine óga ar spéis leo cluichí spóirt agus is breá leo a bheith ag déanamh aithrise orthu ar an bpáirc imeartha nó ar an raon reatha. Níl cur síos ar an mbród a bhíonn ar ghasúir nuair a éiríonn leo féin cúl gleoite a ghnóthú.
Is iomaí fear agus bean a oibríonn le clubanna áitiúla nach bhfaigheann cúiteamh ar bith dá gcuid oibre. Cuidíonn na traenálaithe agus na roghnóirí seo le daoine óga feabhas a chur ar a gcuid scileanna agus tugtar spreagadh dóibh i gcónaí. Éiríonn thar cionn le roinnt imreoirí óga. Tugtar deiseanna do chuid acu imirt leis an bhfoireann shinsir agus leis an gcontae nó clú agus cáil a bhaint amach ag imirt le foirne cáiliúla ar nós Manchester United agus Chelsea thall i Sasana.
Tríd is tríd, is léir gur caitheamh aimsire iontach é an spórt agus go dtéann sé chun tairbhe don phobal ar bhealaí éagsúla.
Gluais i gcoitinne: go ginearálta an-tóir: tá siad an-choitianta éileamh: is iomaí duine a bhíonn á lorg ní mó ná sásta: nuair a bhíonn duine an-mhíshásta cúiteamh: tuarastal, pá