Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 16:00 Page 205
Aonad a cúig | Cúrsaí Ceoil
Bhí an cheolchoirm thar cionn mar chan siad na hamhráin is cáiliúla dá gcuid féin agus cuid de na cinn is ansa liomsa ó na halbaim The Joshua Tree agus Zooropa. Bhí an slua faoi gheasa ag an gceol go dtí gur imigh siad as radharc ag deireadh na ceolchoirme.
Gan rabhadh thit an scáileán mór a bhí ar crochadh os cionn an stáitse ar an talamh de phleist. Shlog an talamh an dá challaire agus thosaigh sé ag crith faoinár gcosa. Bhí mé sceimhlithe i mo bheatha! Leagadh go talamh mé agus chuala mé mo mháthair ag screadaíl in ard a cinn is a gutha. D’airigh mé go raibh m’athair in aice liom agus bhí a fhios agam ar an bpointe go raibh sé gan mheabhair toisc nár labhair sé liom in aon chor. Chonaic mé deatach agus lasracha timpeall orm faoi sholas na gealaí. Bhí daoine ag gabháil tharam ag screadaíl agus bhí cuid acu ag cur fola.
Phreab mé i mo sheasamh ach mhothaigh mé buille trom ar chúl mo chinn agus thit mé i mo chnap ar an talamh. Nuair a tháinig mé chugam féin, bhí mé sínte ar leaba san ospidéal áitiúil agus bhí mo cheann ina roithleán. Bhí mo thuismitheoirí sínte ar leapacha in aice liom ach ní raibh éinne againn gortaithe go dona. Is amhlaidh gur tharla crith talún i ngar don staid agus gortaíodh na céadta duine sa tubaiste.
Bhí an-chuid tuairiscí nuachta faoin gcrith talún á gcraoladh ar an teilifís ar fud na cruinne an oíche úd. Bhí an t-ádh le U2 go raibh siad imithe leo i héileacaptar sular tharla an crith talún. Gan aon agó beidh cuimhne chruinn go héag agam ar an méid a tharla agus mé ar mo laethanta saoire i gcathair San Francisco!
Gluais is ansa liomsa: is fearr liom faoi gheasa: faoi dhraíocht de phleist: le torann mór
bhí mé sceimhlithe i mo bheatha: bhí eagla an domhain orm gan mheabhair: duine atá gan aithne gan urlabhra phreab mé i mo sheasamh: léim mé suas ina roithleán: mearbhall a bheith ar dhuine. tubaiste: timpiste mhór gan aon agó: gan dabht ar bith