Maoin 3 Chap 6 – 10.qxp:Maoin 06/12/2010 16:17 Page 308
Aonad a seacht | Poist, daoine óga agus sochaí an lae inniu
Litir phearsanta
Tá post samhraidh agat agus tá tú ag fanacht i dteach d’uncail. Scríobh an litir a chuirfeá chuig cara leat ag insint dó/di i dtaobh a bhfuil ar siúl agat ann.
I do litir luaigh:
• an saghas poist atá faighte agat • rud amháin faoi na daoine atá ag obair leat • pointe amháin faoi do shaol sóisialta ann • rud amháin faoin saol i dteach d’uncail.Bialann na Mara, Na Cealla Beaga,
Co. Dhún na nGall. 6 Lúnasa 20__
A Aisling, a chara,
Beannachtaí ó Dhún na nGall! Caidé mar atá tú, mar a deir siad anseo! Tá súil agam go bhfuil tú i mbarr na sláinte agus go bhfuil tú ag baint taitnimh as na laethanta saoire. Bhuel, shroich mé an áit seo faoi dheireadh ar a seacht a chlog tráthnóna Dé hAoine agus chuir Uncail Dáithí agus Aintín Máire fáilte is fiche romham.
Tá an bhialann ar leo é suite díreach in aice na farraige agus tá an radharc amach uaithi dochreidte! Tá cónaí ar chlann m’uncail os cionn na bialainne agus tá mo sheomra codlata féin agam. Tá ríomhaire agus teilifíseán ollmhór agam ann!
Thosaigh mé sa phost nua dhá lá ó shin. Táim ag obair sa bhialann agus táim ag baint suilt as. Éirím gach maidin ar a hocht a chlog agus bíonn orm a bheith thíos staighre sa bhialann ar a naoi. Bím ag cuidiú le hAintín Máire agus leis na cócairí eile sa chistin agus deir siad liom gur togha oibrí mé! Caithfidh mé a rá go gcuireann siad bia breá blasta ar fáil do na custaiméirí.
Bíonn mo chol ceathar, Oisín, ag obair mar fhreastalaí sa bhialann i rith an tsamhraidh agus réitímid go maith le chéile mar tá sé ar chomhaois liom. Gach tráthnóna ithimid béile breá thuas staighre agus ansin tugann an bheirt againn aghaidh ar an gclub óige.