Maoin 3 Chap 6 – 10.qxp:Maoin 06/12/2010 16:20 Page 376
Aonad a hocht | Laethanta saoire, an dúlra agus sláinte an duine
dhónn breoslaí iontaise. Tá 6% d’fhuinneamh na tíre á tháirgeadh le hacmhainní inathnuachana mar shampla an ghaoth, an ghrian, tonnta, agus fuinneamh geoiteirmeach.
Ina theannta sin tá súil ag Gore go gcuirfear níos mó crann ar fud an domhain agus go gceannóidh níos mó daoine earraí ó ghnólachtaí nach ndéanann dochar don timpeallacht. Mar a deir an seanfhocal: ‘I dtosach na haicíde is fusa í a leigheas.’
Gluais dochar: damáiste
Freagair na ceisteanna seo a leanas.
1. (a) Cad a chiallaíonn an téarma ‘téamh domhanda’? (b) Cén tionchar atá ag an athrú aeráide ar an gclúdach sneachta agus ar na farraigí?
2. (a) Cad a bhuaigh Al Gore dá chlár faisnéise An Inconvenient Truth sa bhliain 2006? (b) Cad a bheartaigh sé a dhéanamh an bhliain dar gcionn?
3. (a) Cad í an inspioráid ba mhó a bhí ag Gore nuair a bhí an cheolchoirm Live Earth a heagrú aige?
(b) Cár tionóladh ceolchoirmeacha Live Earth ar an 7 Iúil 2007?
4. Cén t-alt sa sliocht a dtagraíonn an abairt seo a leanas dó? ‘Is é an cine daonna an namhaid is mó atá ag an timpeallacht.’ Alt 1 = Alt 2 = Alt 3 = Alt 4 = Alt 5 =
5. Cén t-alt sa sliocht a dtagraíonn an abairt seo a leanas dó? ‘Cuireadh ócáid mhór cheoil ar siúl ar feadh lae ar fud na cruinne.’ Alt 1 = Alt 2 = Alt 3 = Alt 4 = Alt 5 =