Maoin 3 Chap 6 – 10.qxp:Maoin 06/12/2010 16:15 Page 249
Aonad a sé | NaMeáin Chumarsáide Roinnt seanfhocal
Is é buille an phinn an buille is fealltaí. The pen is mightier than the sword.
Ní féidir an dubh a chur ina gheal ach seal. You can only fool people for a while.
Fág an drochscéal san áit a bhfuair tú é. Leave the bad news where you found it.
Is minic ciúin ciontach. Silence frequently signals guilt.
Bíonn an fhírinne searbh. Truth is bitter.
Ná tabhair breith ar an gcéad scéal. Never judge on first impressions.
Bíonn dhá thaobh ar an mbád. There are two sides to every story.
Ní mar a shíltear a bhítear. Things are not always as they seem.
Céim a dó Cleachtaí léamhthuisceana agus tascanna gramadaí
Léamhthuiscint 1 Léigh an sliocht seo a leanas agus déan na cleachtaí a ghabhann leis.
Sinéad Ní Bhrolcháin
Sinéad Ní Bhrolcháin atá ormsa agus beidh mé sé bliana déag d’aois i gceann cúpla mí. Rugadh agus tógadh mé i Léim an Bhradáin i gContae Chill Dara agus tá mé sa tríú bliain sa mheánscoil áitiúil. Tá ceathrar i mo theaghlach; m’athair, mo mháthair agus mo dheartháir, Cionnaith, atá ceithre bliana níos sine ná mé. Is tréidlia é m’athair agus tá íoclann aige in aice an tí. Is dlíodóir í mo mháthair agus tá oifig aici i gcathair Bhaile Átha Cliath.
Rugadh m’athair i dTuar Mhic Éadaigh i gContae Mhaigh Eo agus tógadh le Gaeilge é. Cé gur fhoghlaim mo mham roinnt Gaeilge ar scoil, thosaigh sí á foghlaim i gceart nuair a casadh m’athair uirthi níos mó ná fiche bliain ó shin. Tá teach saoire againn i mbaile dúchais m’athar agus caithimid cúpla mí ann gach samhradh.
Tá spéis mhór agam sna meáin chumarsáide agus san eolaíocht agus rinne mé tionscnamh i mbliana do Chomórtas na nEolaithe Óga. Luaigh mé an úsáid is féidir a bhaint as an iPod agus as an bhfón póca i bhfoghlaim na Gaeilge. Bhí na moltóirí an-tógtha le mo chuid oibre agus cé nár éirigh liom an chraobh a bhuachaint, bronnadh duais speisialta orm.