Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:57 Page 130
Aonad a trí | Ar scoil * * *
‘Bhuel . . . inis dom! Cén chaoi a raibh sé? Cé a bhí ann?’ Gháir Aisling faoina cara. ‘Cad a tharla? Caithfidh tú inseacht dom!”
‘Fuist!’ arsa Aisling. ‘Cloisfidh an tSiúr Máire tú!’
‘Ar aghaidh leat mar sin! Inis dom. Cad a tharla?’
‘Bhí Tomás ann – sin a theastaigh uait a chloisteáil, nach ea? Ná séan é! Féach ort ag deargadh san aghaidh!’
‘Nílim ag deargadh san aghaidh!’ arsa Aoife go borb léi. ‘Inis dom fút féin . . . agus gach éinne eile. Cé a thug abhaile tú?’
‘Ní ligfinn do na leaideanna sin mé a thionlacan abhaile! Páistí atá iontu uile. Tháinig mé abhaile le Máire agus Siobhán . . . ach . . . ’
Stop sí. ‘Ar aghaidh leat! Inis!’ ‘Bhí Tomás, Caoimhín agus Breandán linn freisin.’
Ní raibh bac ar bith ar Aisling dul chuig damhsa nó dioscó. Thug a máthair cead di freastal orthu uile agus bhí Aoife go mór in éad léi.
‘Shiúil Tomás abhaile libh? Cé leis . . . ?’
Ní fhéadfadh sí an abairt a chríochnú. Bhí a croí i mbonn a cos. Bhí sé caillte aici mar nach raibh cead aici dul chuig an dioscó. Ní labhródh sí lena máthair go deo arís!