Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:53 Page 17
Aonad a haon |Mé féin agus mo theaghlach
3. Cuid 3 den Bhéaltriail: Rólghlacadh - 3 nóiméad (40 marc) Is iad seo a leanas na topaicí don chuid seo den scrúdú: An Scoil
Caitheamh Aimsire
Laethanta Saoire Bia agus Deoch
Beidh ocht gcárta san iomlán ann, dhá chárta bunaithe ar gach ceann de na ceithre thopaic atá luaite thuas. Beidh na cártaí go léir béal faoi ar an mbord ar lá an scrúdaithe. Roghnóidh an t-iarrthóir cárta amháin go randamach as na hocht gcárta. Beidh nóiméad amháin ag an iarrthóir chun staidéar agus anailís a dhéanamh ar an gcárta a roghnóidh sé/sí. Ansin cuirfidh an t-iarrthóir ceisteanna ar an scrúdaitheoir faoin gcárta a roghnaigh sé/sí.
Deich gceist ar fad a chuirfidh an t-iarrthóir.
4. Cuid 4 den Bhéaltriail: Agallamh - 4/5 nóiméad (80 marc) Cuirfidh an scrúdaitheoir réimse ceisteanna ar an iarrthóir sa chuid seo ar shlí agus i gcomhthéacs a bheidh oiriúnach d’aois an iarrthóra. Ta ceisteanna samplacha don Agallamh sna codanna dar teideal Bí ag caint atá sna haonaid éagsúla.
Rólghlacadh
Scoil Tasc a haon Dalta (an t-iarrthóir) ag lorg eolais faoi chúrsa Gaeilge i gcoláiste samhraidh. Labhraíonn an dalta (an t-iarrthóir) leis an múinteoir Gaeilge (an scrúdaitheoir). Cumann an dalta (an t-iarrthóir) ceisteanna bunaithe ar an gcárta seo chun eolas a bhailiú faoi chúrsa Gaeilge i gcoláiste samhraidh: