Maoin 3 Chap 6 – 10.qxp:Maoin 06/12/2010 16:16 Page 273
Aonad a sé | Na Meáin Chumarsáide
Gluais Meaitseáil an liosta 1-8 leis an liosta A-H. 1. éagsúil
2. long 3. caladh
4. cibé d’fhonn 5. aisling 6. i gcéin
7. gan srian 8. go suaimhneach
A. pé rud a theastaíonn uait a dhéanamh 1 = B. brionglóid C. i bhfad
D. gan teorainn E. go ciúin F. difriúil
G. bád mór H. port
2 = 3 = 4 = 5 = 6 = 7 = 8 =
Staidéar ar an dán
Is iomaí cineál leabhar atá ar fáil sa lá atá inniu ann do gach aoisghrúpa. Tá rogha mhór leabhar i siopaí leabhar agus i leabharlanna agus is féidir leo domhan na samhlaíochta a oscailt don phobal léitheoireachta, idir óg agus aosta.
Is léir go gceapann an file gur caitheamh aimsire taitneamhach í an léitheoireacht. Chomh maith leis sin is caitheamh aimsire oideachasúil í a fhorbraíonn aigne an duine mar is féidir leis eolas a chur ar rudaí nua .i. carachtair, mothúcháin agus go leor rudaí eile.
Is duine éirimiúil, samhlaíoch é an file a bhfuil meas mór aige ar dhaoine a léann leabhair. Tá na léitheoirí seo éagsúil ó dhaoine eile, dar leis.
Íomhánna
Dán sona is ea an dán seo, a chuireann síos ar an léitheoireacht mar chaitheamh aimsire. Léiríonn an file go gceapann sé gur caitheamh aimsire taitneamhach é agus molann sé go hard na spéire é.
Braithim go bhfuil réimse leathan íomhánna sa dán. Sa chéad véarsa deir an file linn go n-osclaíonn leabhair mhaithe domhan na samhlaíochta:
Is domhan gach leabhar Atá fairsing, éagsúil
Sa dara véarsa úsáideann an file meafar nuair a deir sé linn go bhfuil an léitheoireacht mar a bheadh turas farraige chuig calaidh (áiteanna) dhifriúla: