Maoin 3 Chap 6 – 10.qxp:Maoin 06/12/2010 16:18 Page 336
Aonad a seacht | Poist, daoine óga agus sochaí an lae inniu
Trialacha Teanga Comhthéacsúla Cuid B - Ceisteanna samplacha Athscríobh na habairtí seo a leanas san Aimsir Chaite / sa Mhodh Coinníollach. (a) Is dochtúir é Seán. (b) Is liomsa an t-airgead sin. (c) Is amaideach an gasúr é. (d) Ní dóigh liom go bhfuil an ceart agat. (e) Is fearr liom an Iodáil ná an Fhrainc. (f) Is fuath liom an scannán sin. (g) Ní cuimhin liom an duine sin. (h) Is oibrí díograiseach í. (i) Is breá léi a bheith ag spraoi lena cairde. (l) Ní féidir liom m’obair bhaile a dhéanamh.
Claoninsint ar abairtí ina bhfuil an Chopail - An Aimsir Chaite. • Athraíonn‘Ba’ go‘gur’ +‘h’. • Athraíonn‘Níor’ go‘nár’ +‘h’. • Athraíonn‘B’ (roimh aidiacht nó ainmfhocal a thosaíonn le guta) go gurbh. • Athraíonn ‘B’ (roimh aidiacht nó ainmfhocal a thosaíonn le ‘f’) go gurbh + ‘h’. • Athraíonn ‘Níorbh’ (roimh aidiacht nó ainmfhocal a thosaíonn le guta) go nárbh. • Athraíonn ‘Níorbh’ (roimh aidiacht nó ainmfhocal a thosaíonn le ‘f ’) go nárbh +‘h’.
Insint dhíreach Ba chailín deas í.
Ba mhaith liom ceol. Níor dhuine éirimiúil é. Níor mhaith liom stair. B’álainn an radharc é. Níorbh fhéidir liom.
Claoninsint
Dúirt sé gur chailín deas í. Dúirt sé gurmhaith leis ceol. Dúirt sé nár dhuine éirimiúil é. Dúirt sé nármhaith leis stair.
Dúirt sé gurbh álainn an radharc é. Dúírt sé nárbh fhéidir leis.