Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:54 Page 68
Aonad a dó |Mo cheantar féin
agus leoraithe ag taisteal tríd an gceantar seo ó osclaíodh lárionad siopadóireachta nua ag barr an bhóthair trí seachtaine ó shin. Bíonn leoraithe ollmhóra ag gabháil tríd an gceantar de ló is d’oíche. Téann siad róthapa agus is cuma leis na tiománaithe má choimeádann siad ó chodladh na hoíche sinn!
Cuireann an trácht isteach go mór ar sheandaoine sa cheantar seo chomh maith. Bíonn eagla ar chuid acu siúl trasna an bhóthair go dtí Oifig an Phoist nó na siopaí. Gortaíodh seanfhear go dona ar an mbóthar seo coicís ó shin nuair a thit sé dá rothar os comhair leoraí.
Ina theannta sin, bíonn orm féin, agus ar dhaltaí scoile eile, an bus scoile a fháil ar maidin agus tá sé an-chontúirteach ar fad mar tá stad an bhus i ngar don lárionad siopadóireachta. Ní mór dúinn dul trasna an bhóthair agus, cé go mbímid an-chúramach, bíonn cuid de na tiománaithe ag gabháil tharainn ar luas lasrach. Is ionadh liom nár maraíodh aon duine fós!
Ceapaim go bhfuil an locht ar úinéirí an lárionaid agus ar an gComhairle Contae. Ba chóir do bhainisteoir an lárionaid am níos oiriúnaí a shocrú chun a chuid earraí a fháil ó na leoraithe ollmhóra seo. É sin ráite, ní dóigh liom go bhfuil a ndóthain á dhéanamh ag an gComhairle Contae ach an oiread! Anuraidh, gheall siad go mbeadh réiteach á fháil acu ar an trácht gan mhoill ach níl aon rud socraithe acu ó shin.
Bheadh sé an-éasca an fhadhb seo a réiteach dá dtógfadh an Chomhairle rampaí agus timpeallán nua in aice leis an lárionad siopadóireachta. Tá géarghá le soilse tráchta chomh maith.
Chun críoch a chur leis an litir seo, ba mhaith liom a rá go mbeinn buíoch díot í seo a fhoilsiú.
Fanaim le freagra uait ar do chaothúlacht. Mise le meas,
Niall de Faoite
Gluais ar luas lasrach: an-tapaidh
is ionadh liom: cuireann sé ionadh orm an locht: an milleán géarghá: rud atá an-riachtanach