Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:55 Page 78
Aonad a dó |Mo cheantar féin
Chuidigh an comharchumann leis an bpobal beag a dteanga dhúchais a choinneáil beo go dtí an lá atá inniu ann. Bíonn teastais oíche ar siúl i rith an gheimhridh. Cuirtear dianchúrsa Gaeilge ar fáil do Bhéarlóirí nó do dhaoine atá ar bheagán Gaeilge atá pósta le daoine a bhfuil Gaeilge acu ó dhúchas. Bronntar scoláireachtaí chuig Gaeltachtaí ar dhaoine óga ar mhaithe le labhairt na Gaeilge a chothú. Chomh maith leis sin tugtar láithreáin tithíochta ar chostas íseal do theaghlaigh a bhfuil Gaeilge acu ar spéis leo teacht chun cónaithe sa cheantar. Mar a deir an seanfhocal – ‘Ní neart go cur le chéile!’
Gluais a chothú: a spreagadh
Freagair na ceisteanna seo a leanas. 1. (a) Cá bhfuil Gaeltacht Ráth Cairn suite? (b) Cén fáth a raibh roinnt cumann carthanachta buartha faoi theaghlaigh áirithe? 2. (a) Cén sórt oibre a rinne Bord na gCeantar Cúng in iarthar na hÉireann?
(b) Cé mhéad teaghlach a d’aistrigh ó cheantair bhochta i gConamara idir 1935 agus 1937?
3. (a) Cár chuir na teaghlaigh fúthu? (b) Luaigh dhá cheann de na foirgnimh a thóg pobal Ráth Cairn.
4. Cén t-alt sa sliocht a dtagraíonn an abairt seo a leanas dó? ‘Is iomaí rud a dhéantar sa cheantar le foghlaim na Gaeilge a chur chun cinn.’ Alt 1 = Alt 2 = Alt 3 = Alt 4 = Alt 5 =
5. Cén t-alt sa sliocht a dtagraíonn an abairt seo a leanas dó? ‘Tugadh go leor ainmhithe feirme do na teaghlaigh a d’aistrigh go Contae na Mí.’ Alt 1 = Alt 2 = Alt 3 = Alt 4 = Alt 5 =