Maoin 3 Chap 6 – 10.qxp:Maoin 06/12/2010 16:18 Page 320
Aonad a seacht | Poist, daoine óga agus sochaí an lae inniu
Tarraingíonn an file pictiúr de thuismitheoir a bhí go sona sásta nuair a bhí sé ag spraoi agus ag taiscéaladh (exploring) lena iníon bheag:
Tusa a chaith na laethanta fada liom
ag faire ar na damháin alla is na péisteanna a shiúil abhaile liom faoi ualach duilleogach ár bpócaí ag cur thar maoil le hiontaisí na coille.
Tá cuimhní áille ag an bhfile ar laethanta a hóige - bhain sí taitneamh agus tairbhe as na rudaí a rinne sí in éineacht lena hathair grámhar agus cuireann sí a buíochas in iúl nuair a deir sí:
Tusa an té a raibh an t-am agat is a roinn an t-am sin liomsa.
Ceisteanna scrúdaithe
i Ainmnigh dán Gaeilge (a ndearna tú staidéar air i rith do chúrsa) a bhfuil do rogha ceann amháin de na téamaí seo thíos i gceist ann. Ní mór teideal an dáin sin, mar aon le hainm an fhile, a scríobh síos go soiléir.
(a) cion ag an bhfile ar dhuine áirithe (b) an dúlra/nádúr (c) cuimhne na hóige (d) áthas (e) grá (f) meas ag an bhfile ar dhuine áirithe.
ii Tabhair cuntas gairid ar a bhfuil sa dán sin faoin téama atá roghnaithe agat agus ar an gcaoi a gcuireann an file an téama sin os ár gcomhair.