Maoin 3 Chap 6 – 10.qxp:Maoin 06/12/2010 16:18 Page 334
Aonad a seacht | Poist, daoine óga agus sochaí an lae inniu
Claoninsint ar abairtí a bhfuil an Chopail iontu - An Aimsir Láithreach • Athraíonn‘Is’ go‘gur’ nó‘gurb’ agus athraíonn‘Ní’ go‘nach’. • •
‘Is’ roimh aidiacht a thosaíonn le guta = gurb ‘Is’ roimh ainmfhocal a thosaíonn le guta = gur
Insint dhíreach Is cailín deas í.
Is maith liom ceol. Is aoibhinn liom stair. Is oide tuisceanach é. Ní duine éirimiúil é. Ní maith liom stair.
Claoninsint
Deir sé gur cailín deas í. Deir sé gur maith leis ceol. Deir sí gurb aoibhinn léi stair. Deir sí gur oide tuisceanach é. Deir sé nach duine éirimiúil é. Deir sé nach maith leis stair.
Cleachtadh Cuir [Deir Gearóidín] roimh na habairtí seo a leanas agus déan cibé athrú is gá.
(a) Is cuimhin liom an múinteoir sin. (b) Ní féidir liom teacht ar an gcóipleabhar sin. (c) Is dalta béasach í. (d) Ní cuimhin liom an duine sin. (e) Is breá liom a bheith ag spraoi le mo chairde. (f) Ní maith liom scrúduithe. (g) Is gráin liom cór. (h) Ní dóigh liom go rachaidh mé go dtí an cheolchoirm. (i) Is álainn an duine í. (l) Is aisteoir iontach é an fear sin.