Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:54 Page 66
Aonad a dó |Mo cheantar féin
Deich gceist ar fad a chuirfidh an t-iarrthóir. Ceisteanna Samplacha
1. Cad is ainm don scoil? 2. Cá bhfuil an scoil suite? 3. Cén contae ina bhfuil Ráth Maonais? 4. Cén sórt scoile atá ann? 5. An bhfuil rogha leathan ábhar sa scoil? 6. An mbíonn cluichí spóirt á n-imirt sa scoil? 7. An imrítear sacar sa scoil? 8. An féidir eitpheil a imirt ann? 9. An imrítear cispheil sa scoil? 10. An mbíonn cluichí boird á n-imirt ann? 11. An féidir ficheall a imirt sa scoil? 12. An mbíonn díospóireachtaí ar siúl sa scoil? 13. An bhfuil neart áiseanna sa scoil? 14. An bhfuil páirceanna imeartha sa scoil? 15. An bhfuil halla spóirt sa scoil? 16. An bhfuil linn snámha sa scoil? 17. An bhfuil saotharlanna sa scoil? 18. An bhfuil ríomhairí sa scoil? 19. An bhfuil ceaintín sa scoil? 20. Cad is ainm do rúnaí na scoile? 21. Cé hí Úna de Bláca?/Cén bhaint atá ag Úna de Bláca leis an scoil? 22. Cén uimhir theileafóin atá ag an scoil? 23. Cad é an seoladh gréasáin? Cad é seoladh gréasáin na scoile? 24. Conas is féidir teagmháil a dhéanamh leis an scoil?