Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:53 Page 15
Aonad a haon |Mé féin agus mo theaghlach An Bhéaltriail 1. Cuid 1 den Bhéaltriail: Fáiltiú 1 nóiméad (10 marc)
Ceisteanna chun an t-iarrthóir a chur ar a s(h)uaimhneas – e.g. ainm, scrúduimhir, dáta breithe, rang.
2. Cuid 2 den Bhéaltriail: Cur síos ar shraith pictiúr – 3 nóiméad (30 marc)
Tá cúig shraith pictiúr ann. Beidh na sraitheanna pictiúr go léir béal faoi ar an mbord ar lá an scrúdaithe. Roghnóidh an t-iarrthóir sraith pictiúr amháin go randamach as na cúig shraith pictiúr. Beidh nóiméad amháin ag an iarrthóir chun staidéar agus anailís a dhéanamh ar an tsraith a roghnóidh sé/sí. Ansin déanfaidh an t-iarrthóir cur síos ar ábhar na sraithe a roghnaigh sé/sí.
Pictiúr 1 Sraith Pictiúr 1
Tá beirt daoine óga sa chéad phictiúr. Ceapaim go bhfuil siad thart ar chúig bliana déag d’aois. Tá siad ina suí ag an mbord sa seomra suí sa bhaile. Tá an seomra suí go deas néata. Tá pictiúr gleoite de phlanda ar an mballa chomh maith le clog. Tá lampa álainn in aice leis an gcailín.
Tá an bheirt acu an-chosúil lena chéile mar tá gruaig dhubh orthu agus tá an éide scoile chéanna á caitheamh acu freisin – geansaí, léine, bríste agus carbhat stríocach. Is dóigh liom go bhfuil obair bhaile á déanamh ag an mbeirt acu. Ceapaim go bhfuil an buachaill ag cuardach focal i
bhfoclóir agus go bhfuil aiste Gaeilge á scríobh ag an gcailín ina cóipleabhar. Tá an chuma ar an mbeirt acu go bhfuil siad ag obair go dian agus nach mbraitheann siad an t-am ag dul thart. Tá sé a cúig a chlog cheana féin.
Pictiúr 2
Is léir ón dara pictiúr gur thosaigh an teileafón ag bualadh ar a leathuair tar éis a cúig. Beireann an cailín ar an bhfón. Tá cara léi ar an líne agus insíonn sí di go bhfuil Bee Movie ar siúl sa phictiúrlann áitiúil. Tugann sí cuireadh chuig an scannán don bheirt acu. Measaim go bhfuil cuma áthasach ar an gcailín agus go ndeir sí lena cara gur bhreá leo dul chuig an bpictiúrlann in éineacht léi. Glacann sí leis an gcuireadh go fonnmhar. Leanann an buachaill ar aghaidh lena chuid oibre.