Maoin 3 Chap 6 – 10.qxp:Maoin 06/12/2010 16:15 Page 250
Aonad a sé | Na Meáin Chumarsáide
Bhunaigh daltaí na hidirbhliana raidió scoile i mo scoilse le déanaí agus d’iarr siad orm cuidiú leo i gclár cainte ar thábhacht na nua- theicneolaíochta i saol an duine. Bhuail mé le craoltóirí agus le tuairisceoirí óga na scoile sular cuireadh agallamh orm faoin dúil atá agam sna meáin chumarsáide, faoin duais a bhuaigh mé ag Comórtas na nEolaithe Óga agus faoin ngrá atá agam don Ghaeilge agus do shaol na Gaeltachta. D’éirigh thar cionn liom ar an gclár. D’iarr léiritheoir an chláir orm filleadh ar ais an tseachtain dar gcionn agus clár de mo chuid féin a chraoladh as Gaeilge ar mo rogha ábhar cainte. Mar a deir an seanfhocal – ‘Beatha teanga í a labhairt.’
Gluais íoclann: seomra freastail d’ainmhithe nuair a casadh: nuair a bhuail (le)
tionscnamh: staidéar speisialta a dhéanamh ar ábhar faoi leith cuidiú leo: cabhrú leo dúil: suim, spéis
A. Freagair na ceisteanna seo a leanas. 1. Cár rugadh Sinéad? 2. An mó páiste atá sa teaghlach? 3. Cén tslí bheatha atá ag a hathair? 4. Cá bhfuil oifig a máthar suite? 5. Cathain a thosaigh a máthair ag foghlaim na Gaeilge i gceart? 6. Cá gcaitheann an teaghlach cúpla mí gach samhradh? 7. Cad is ábhar don tionscnamh a rinne Sinéad do Chomórtas na nEolaithe Óga? 8. Cad a cheap na moltóirí faoin tionscnamh a rinne Sinéad? 9. Cé a bhunaigh raidió scoile? 10. Cad a d’iarr léiritheoir an chláir chainte ar Shinéad?
B. Tascanna gramadaí (Trialacha Teanga Comhthéacsúla Cuid B Páipéar 1)
Tasc 1: Aimsigh dhá shampla den Tuiseal Ginideach sa phíosa. Do fhreagraí: 1. (Alt ) _______________ 2. (Alt ) _____________
Tasc 2: Aimsigh samplaí d’aidiachtaí sa phíosa. Do fhreagraí: 1. (Alt ) _______________ 2. (Alt ) _______________
Tasc 3: Aimsigh ainmfhocail (1) san uimhir uatha agus (2) san uimhir iolra sa phíosa. Do fhreagraí: 1. (Alt ) _______________ 2. (Alt ) _____________
Nóta: Cabhróidh na nótaí gramadaí atá in Aonad a dó agus in Aonad a naoi leis an dalta na tascanna a chomhlíonadh.