Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:59 Page 185
Aonad a ceathair | Cúrsaí Spóirt Prós a ndearna mé staidéar air i rith mo chúrsa An bhfaca éinne agaibh Roy Keane? le Mícheál Ó Ruairc (Achoimre)
Bhí Brian Ó Treasaigh an-chosúil lena laoch, Roy Keane! Tháinig athrú iontach air a thúisce is a chuaigh sé amach ar an bpáirc imeartha. Imreoir sacair den scoth a bhí ann agus bhí a chumas tugtha faoi deara ag a thraenálaí, Des Cunningham. Bhí Des den tuairim go bhféadfadh Brian imirt le club mór i Sasana.
Ach bhí Brian ar a choinneáil go rialta ar scoil. Cuireadh ar fionraí é go ceann seachtaine toisc go raibh rialacha na scoile briste aige agus briste faoi thrí ó thús na scoilbhliana. Bhí a thuismitheoirí, Bob agus Bríd, dall ar a chuid bligeardaíochta go dtí gur chuir príomhoide na scoile fios orthu.
Bhí cluiche leathcheannais na sraithe faoi sé bliana déag ar siúl ar an 25 Feabhra agus bhí scabhtaí de chuid Manchester United agus Crewe Alexander ann. Ach ní raibh tuismitheoirí Bhriain ar aon intinn le Des Cunningham maidir lena mac agus an sacar. Bheadh a mháthair glan i gcoinne é a ligint go Sasana dá bhfaigheadh sé cuireadh trialacha a dhéanamh ann. Cheap sí go raibh Brian an-cheanndána agus go raibh an iomarca fadhbanna aige ar scoil. Bhí trialacha déanta ag a athair, Bob, le Coventry City le linn a óige agus níor mhaith leis cosc a chur ar a mhac a mhian a fháil.
Bhraith Brian go raibh atmaisféar aisteach sa bhaile le déanaí agus insíodh dó go raibh ailse ar a athair agus nach raibh saol fada i ndán dó. Bhí aiféala ar Bhrian agus gheall sé dá thuismitheoirí nach mbeadh a thuilleadh trioblóide uaidh ar scoil.
Bhí Brian agus Imelda Ní Laoi an-cheanúil ar a chéile agus bhí sí sásta éisteacht leis nuair a theastaigh uaidh a chuid fadhbanna a roinnt léi. Thuig sí cé chomh crua is a bhí a shaol sa bhaile agus go gcuirfeadh bás a athar isteach go mór air. Ina theannta sin, chuidigh sí leis staidéar don Teastas
Gluais ar fionraí: briseadh sealadach ón scoil dall ar: ní raibh a fhios acu faoi glan i gcoinne: go mór in aghaidh cosc a chur ar: stop a chur le bhí aiféala a(i)r: bhí brón a(i)r an-cheanúil ar a chéile: an-mhór le chéile