Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:53 Page 31
Aonad a haon |Mé féin agus mo theaghlach
Ceisteanna scrúdaithe
i Ainmnigh dán Gaeilge (a ndearna tú staidéar air i rith do chúrsa) a bhfuil do rogha ceann amháin de na téamaí seo thíos i gceist ann. Ní mór teideal an dáin sin, mar aon le hainm an fhile, a scríobh síos go soiléir.
(a) cion ag an bhfile ar dhuine áirithe (b) ainmhithe (c) óige (d) áthas (e) grá (f) meas ag an bhfile ar dhuine áirithe.
ii Tabhair cuntas gairid ar a bhfuil sa dán sin faoin téama atá roghnaithe agat agus ar an gcaoi a gcuireann an file an téama sin os ár gcomhair.
Freagra samplach
i Rinne mé staidéar ar an dán Teilifís le Gabriel Rosenstock i rith mo chúrsa. Measaim go bhfuil an téama (a) cion ag an bhfile ar dhuine áirithe le feiceáil go soiléir sa dán seo.
ii
Insíonn an file dúinn faoi eachtra bheag a tharla nuair a bhí a iníon, Saffron, an-óg. Deir sé linn gur tháinig sí isteach chuige sa seomra codlata maidin amháin agus go ndúirt sí leis gur theastaigh uaithi dul síos an staighre chun clár teilifíse a fheiceáil. Bhí a fhios ag an bhfile nárbh fhiú dó diúltú don bhean bheag cheanndána seo agus thug sé cead a cinn di:
Ar a cúig a chlog ar maidin Theastaigh an teilifis uaithi. An féidir argóint le beainín Dhá bhliain go leith?
Tá sé soiléir go raibh an file an-cheanúil ar a iníon agus gur chuir sé gliondar air a bheith ina cuideachta fiú ar a cúig a chlog ar maidin! Bhí sé an-fhoighneach agus tuisceanach cé nach raibh sé ina dhúiseacht fós !
Deir an file go ndeachaigh an bheirt acu síos an staighre le chéile agus gur shuigh siad sa seomra suí a bhí an-fhuar ar fad. Chuir siad an teilifís ar siúl ach ní raibh aon chlár á chraoladh fós. Bhí spotaí bána ar an scáileán ach shamhlaigh an naíonán go bhfaca sí sneachta agus roinnt ainmhithe agus ní dhearna a hathair neamhshuim de na rudaí a bhí aimsithe aici:
Ach chonaic sise sneachta Is sioráf tríd an sneachta Is ulchabhán Artach Ag faoileáil Os a chionn.
Cruthaíonn an file pictiúr de pháiste óg neamhurchóideach a chuireann ionadh air ach is é an grá mór atá aige di an mothúchán is láidre sa dán.