Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 06/12/2010 15:59 Page 168
Aonad a ceathair | Cúrsaí Spóirt
Ní mór dom a rá go raibh mé scothshásta leis an réiteoir, Pádraig Ó Néill, fear a bhfuil cur amach fairsing aige ar rialacha an chluiche. Cé go raibh an imirt fíochmhar ó thús deireadh an chluiche níor thug sé an-iomarca ciceanna saora do na foirne a d’fhéadfadh cur isteach ar luas an chluiche. Níor thug sé aon aird ach an oiread ar roinnt imreoirí a bhí ag ligean orthu go raibh siad gortaithe!
B’ionadh liom a chloisteáil gur chuir sé olc ar dhaoine nuair a chuir sé an lánchúlaí, Dáibhí Mac an Adhastair, den pháirc roimh dheireadh an chluiche toisc gur thug sé ruathar faoi Chaoimhín Ó Sé d’aon turas agus gur ghortaigh sé go dona é. Tuairiscítear anois go bhfuil srón Chaoimhín briste agus go bhfuil dhá fhiacail caillte aige chomh maith. D’áitigh go leor iriseoirí gur leag Mac an Adhastair Mac Uí Shé de thaisme ach is léir don dall gur ionsaigh sé é.
Tá moladh amháin agam a chabhródh le réiteoirí amach anseo. Mholfainn don Chumann Lúthchleas Gael scáileáin mhóra a cheannach do na hionaid spóirt is mó a bhíonn á n-úsáid acu ar fud na tíre le go mbeadh na réiteoirí in ann codanna den imirt a fheiceáil arís ar an bpointe boise. Dá gcuirfí na háiseanna seo ar fáil ní bheadh éinne in ann cur i gcoinne chinneadh an réiteora.
Bhuel, sin a bhfuil le rá agamsa i dtaobh an scéil. Guím gach rath ar bhur gcuid oibre amach anseo.
Beir bua, Muiris Mac an tSaoir.
Gluais
cur amach: eolas chuir sé olc ar dhaoine: chuir sé fearg ar dhaoine thug sé ruathar faoi: d’ionsaigh sé de thaisme: trí thimpiste ar an bpointe boise: láithreach