Maoin 3 Chap 6 – 10.qxp:Maoin 06/12/2010 16:18 Page 321
Aonad a seacht | Poist, daoine óga agus sochaí an lae inniu
Freagra samplach
i Rinne mé staidéar ar an dán Oidhreacht le Áine Ní Ghlinn i rith na scoilbhliana. Measaim go bhfuil an téama (c) cuimhne na hóige le feiceáil go soiléir sa dán seo.
ii Úsáideann an file íomhánna áille atá ceangailte den dúlra cuid mhaith agus í ag smaoineamh siar ar laethanta sona a hóige agus ar an ngrá a bhí ag a hathair di.
Cuireann an file an t-atmaisféar grámhar agus an sonas a bhain lena hóige in iúl go simplí nuair a dhéanann sí cur síos ar an saol eachtrúil a bhí aici i gcuideachta a hathar le linn a hóige. Deir sí sa chéad véarsa den dán gur éirigh leis an mbeirt acu nead spideoige a aimsiú ag bun an ghairdín. Chabhraigh a hathair léi ‘na huibheacha a chomhaireamh’ agus chuardaigh siad pictiúr díobh i leabhar ina dhiaidh sin.
Is léir go raibh an-tuiscint ag a hathair ar intinn oscailte agus ar shamhlaíocht an pháiste mar rinne sé rudaí léi a mbeadh suim ag páiste ar bith iontu. Insíonn an file dúinn sa tríú véarsa nach raibh leisce ar bith air ligean air féin go raibh sé ina spásaire a bhí ag stiúradh roicéid lena iníon bheag sa spás amuigh:
…is a bhí mar chomhphíolóta agam ar ár gcéad thuras go Mars.
Mhúscail sé spéis sa dúlra inti mar chaith siad an-chuid ama ‘ag faire ar na damháin alla is na péisteanna’ agus ag bailiú iontaisí na coille le chéile.
Ní úsáideann an file an focal ‘tuismitheoir’ ar chor ar bith. Is fearr léi an meafar ‘tearmann do láimhe móire’ a úsáid agus í ag cur síos ar dhuine a bhí cosantach agus grámhar i gcónaí.
Tá cuimhní áille ag an bhfile ar laethanta a hóige - bhain sí taitneamh agus tairbhe as na rudaí a rinne sí in éineacht lena hathair agus cuireann sí a buíochas in iúl nuair a deir sí:
Tusa an té a raibh an t-am agat is a roinn an t-am sin liomsa.
Cé go dtaispeántar dúinn ag deireadh an dáin gur bean í an file anois atá imithe amach sa saol, ní fhágann sin go ligfidh sí an grá a bhí ag a tuismitheoir di agus an sonas a mhothaigh sí ina theannta i ndearmad go deo:
…anois agus tearmann do láimhe móire imithe uaim beidh oidhreacht do chuid ama agam go deo.