Na Scríobairí Spéire is Airde ar Domhan Bí ag caint!
I ngrúpa, pléigh na ceisteanna seo: 1. Cad é an scríobaire spéire is airde ar domhan? 2. Déan liosta de na scríobairí spéire is cáiliúla ar domhan.
Léigh
Léigh an píosa seo. Burj Khalifa
Tá 163 urlár sa Burj Khalifa in Dubai, ceann de na scríobairí spéire is airde ar domhan. Tá Óstán Armani suite idir an bunurlár agus an 8ú hurlár.
Tá árasáin ann idir an 9ú agus an 110ú hurlár. Tá go leor áiseanna iontacha sa Burj Khalifa freisin. Tá linn snámha ar an 76ú hurlár. Tá bialann ar an 122ú hurlár. Tá réadlann ar an 124ú hurlár!
Le foghlaim: Na horduimhreacha ar an gcéad urlár (1ú) ar an dara hurlár (2ú) ar an tríú hurlár (3ú)
Caibidil 3
ar an seachtú hurlár (7ú) ar an ochtú hurlár (8ú) ar an naoú hurlár (9ú)
ar an gceathrú hurlár (4ú) ar an deichiú hurlár (10ú)
ar an bhfichiú hurlár (20ú) ar an gcéadú hurlár (100ú)
ar an gcéad is séú hurlár déag (116ú) ar an gcéad fiche is dóú hurlár (122ú)
ar an gcúigiú hurlár (5ú) ar an aonú hurlár déag (11ú) ar an gcéad seasca is tríú hurlár (163ú) ar an séú hurlár (6ú)
ar an dara hurlár déag (12ú) ar an dá chéadú hurlár (200ú) Bí ag caint! Cuir ceisteanna mar seo ar an duine atá in aice leat.
1. Cad atá ar an tríú hurlár? Tá Óstán Armani ar an tríú hurlár.
2. Cad atá ar an gcéad fiche is ceathrú hurlár? Tá réadlann ar an gcéad fiche is ceathrú hurlár.
Taighde
Tá foirgneamh ‘Montevetro’ ar cheann de na foirgnimh is airde in Éirinn. Cad atá ann? I ngrúpa, téigh ar líne agus faigh tuilleadh eolais faoi. Scríobh trí phointe eolais faoi i do chóipleabhar. Déan comparáid le do ghrúpa.
Táim in ann na horduimhreacha a úsáid. ochtó a cúig 85