Buntuiscint 1. Cad air a raibh Pádraigín ag smaoineamh sa seomra ranga? 2. Cén fáth ar cuireadh a deirfiúr Aoife in aon seomra léi? 3. Cén sórt saoil a bhí aici sular tháinig Aoife isteach léi? Is leor dhá phointe eolais. 4. Luaigh rud amháin a rinne Aoife a chuir isteach ar Phádraigín. 5. Cad a chuir an múinteoir staire ina leith? 6. Cén fáth ar mhothaigh sí go raibh a saol ‘ina chíor thuathail’? 7. Cé hé Diarmaid? 8. Cén fáth nár lig a tuismitheoirí di scríobh chuig Diarmaid? 9. Cén rún daingean a rinne sí? 10. Cén deis a bheadh ag Pádraigín dá gcaithfeadh sí mí i dteannta a Mamó?
Léirthuiscint 1. Déan cur síos ar an athrú a tháinig ar shaol baile Phádraigín. Is leor dhá phointe eolais. 2. Déan cur síos ar an athrú a tháinig ar shaol scoile Phádraigín. Is leor pointe eolais amháin.
Bí ag caint!
I ngrúpa, pléigh na ceisteanna seo. 1. An bhfuil aon chosúlachtaí idir tú féin agus an príomhcharachtar? Céard iad? 2. An bhfuil aon difríochtaí idir tú féin agus an príomhcharachtar? Céard iad?
Táim in ann ceisteanna a fhreagairt ar an ngearrscéal ‘Spás’.