Is duine cineálta é Mamó. Ba mhaith léi go mbeadh Pádraigín sona. Mothaíonn Pádraigín go bhfuil spás aici i dteach Mhamó. Tá a seomra féin aici ann. Tugann Mamó saoirse do Phádraigín.
Buntuiscint 1. Cén sórt duine í Pádraigín? 2. Cad a dhéanann Pádraigín sa ghearrscéal seo? 3. Cén fáth a bhfuil imní ar Phádraigín? 4. Luaigh dhá shlí ina bhfuil tuismitheoirí Phádraigín cosantach. 5. Cén sórt duine í Mamó? Cén fáth?
Léirthuiscint
An bhfuil comhbhá (sympathy) agat do Phádraigín? Cén fáth? Tabhair fáth amháin le do thuairim.
Scríobh agus labhair
Roghnaigh carachtar amháin. Scríobh trí aidiacht faoi nó fúithi. Taispeáin an liosta don duine atá in aice leat. An féidir leo a thomhas cé hé nó cé hí?
Táim in ann anailís a dhéanamh ar charachtair sa ghearrscéal ‘Spás’.