Na teangacha Breatnacha agus na teangacha Gaelacha
Roinntear na teangacha Ceilteacha in dhá ghrúpa: na teangacha Breatnacha, nó ‘P-Cheilteacha’, agus na teangacha Gaelacha, nó ‘Q-Cheilteacha’.
Na teangacha Breatnacha An Bhreatnais An Bhriotáinis An Choirnis
Na teangacha Gaelacha An Ghaeilge
Gaeilge na hAlban Gaeilge Mhanann
P-Cheilteach agus Q-Cheilteach
Cén fáth a dtugtar P-Cheilteach agus Q-Cheilteach ar na teangacha seo? Úsáidtear an fhuaim p níos minice sna teangacha Breatnacha agus úsáidtear an fhuaim q (nó c) níos minice sna teangacha Gaelacha.
Féach ar na samplaí seo. Cad iad na difríochtaí idir an Bhreatnais agus an Ghaeilge?
An Bhreatnais (P-Cheilteach) An Ghaeilge (Q-Cheilteach) An Béarla pedwar pump
map/mab plant pwy
Stór focal ársa
roinntear T 2 Taighde agus cur i láthair
Roghnaigh teanga Cheilteach amháin (seachas an Ghaeilge). Téigh ar líne agus faigh amach trí rud faoin teanga sin. Cruthaigh cur i láthair ar PowerPoint nó Prezi.
Déan an cur i láthair os comhair an ranga. Féinmheasúnú
Cad iad na príomhscileanna a d’úsáid tú nuair a rinne tú an taighde agus an cur i láthair? Roghnaigh dhá cheann ón liosta ar leathanach vii agus luaigh conas a d’úsáid tú iad.