Caibidil 5 Íomhánna an amhráin: Léigh agus labhair
Léigh faoi íomhánna an amhráin. Cén íomhá is fearr leat? An bhfeiceann tú aon íomhá eile san amhrán? I ngrúpa, pléigh do thuairim.
Tá go leor íomhánna gléineacha sa dán ‘Solas’. vivid
‘Tá mé ag siúl liom gan beann orm féin ná’r mo threo’
Ní dhéanann an liriceoir machnamh ar an gcineál saoil atá aige. Níl a fhios aige cén sórt saoil atá aige nó a bheidh aige.
thought
‘An solas ag titim, ag sileadh anuas ar an aoibh’
Cruthaíonn an liriceoir íomhá den solas ag lonrú ar a mheangadh gáire. Tá áthas air. Tuigimid a ghliondar croí.
shining; smile
‘B’í an lasair im’ chroí a spreag dom an tseanmhian’
Mothaíonn an liriceoir rud speisialta ina chroí. Mothaíonn sé an rud céanna agus a mhothaigh sé nuair a bhí sé níos óige. Tá sé réidh chun athrú a dhéanamh.
Taighde agus scríobh
Roghnaigh íomhá amháin ón amhrán a thaitníonn leat. Téigh ar líne agus aimsigh pictiúr a léiríonn an íomhá seo. Cuir fotheideal (caption) leis an bpictiúr freisin.
Táim in ann tuiscint a léiriú ar scéal agus íomhánna an amhráin. céad ochtó a naoi 189