Shiúil captaen na foirne go mall chuig an liathróid, chuir sé guaim air féin, agus lasc sé an liathróid thar an trasnán. Comhscór! Shéid an réiteoir an fheadóg agus lig na Dubs agus a mbainisteoir osna mhór faoisimh. Bhí díomá ar mhuintir Mhaigh Eo ach bhí siad lánchinnte go mbuafaidís orainn san athimirt.
Tar éis an chluiche
Nuair a chríochnaigh an cluiche, d’fhágamar an staid, agus muid fós lán dóchais. Beidh lá eile ag an bPaorach, a dúramar. Shiúlamar ar ais go dtí stad an bhus agus fuaireamar an bus abhaile. Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an gcluiche sin go deo na ndeor. Táim ag tnúth go mór leis an athimirt.
Buntuiscint 1. Cá raibh Cluiche Ceannais na hÉireann ar siúl?
2. Cad iad na contaetha ar bhuaigh (i) Maigh Eo agus (ii) Baile Átha Cliath orthu sna cluichí leathcheannais?
3. Cén fáth a raibh sé éasca do Chóra ticéad a fháil? 4. Cé a bhí ann nuair a shroich siad Cnoc 16? 5. Cén fáth ar léir do lucht Bhaile Átha Cliath tar éis cúig nóiméad go raibh cath fada amach rompu?
6. Cé a bhí chun tosaigh ag leath ama? 7. Cad a tharla sa nóiméad deireanach? 8. Conas a mhothaigh muintir Mhaigh Eo tar éis an chluiche?
Léirthuiscint
1. Ar thaitin an cluiche leis an údar? Tabhair trí fháth le do thuairim.
2. Ar éirigh leis an údar cur síos corraitheach a scríobh? Liostaigh na frásaí a chabhraigh leis an teannas agus an scleondar (excitement) a chruthú.
live to fight another day
he steadied; blazed bar; draw big sigh of relief
replay
I can’t wait for
Punann 7.3 D’fhreastail tú ar ócáid mhór spóirt. Scríobh postáil bhlag faoin ócáid. Cuir an obair chríochnaithe i do phunann ar leathanach 80.
Táim in ann postáil bhlag a scríobh faoi ócáid mhór spóirt a chonaic mé. dhá chéad seasca a trí 263