Mothúcháin an ghearrscéil: Léigh agus scríobh Léigh faoi mhothúcháin an ghearrscéil agus freagair na ceisteanna.
Sásamh
Tá Emmet an-sásta ag deireadh an ghearrscéil seo. Tá an ríomhchlár a scríobh sé ag obair i gceart. Níl a fhios ag an teicneoir cén fáth a bhfuil fadhb ann. Níl a fhios ag bainisteoir an tsiopa céard atá ar siúl aige. Tá sé ag saothrú airgid ón Lató agus tá go leor airgid aige anois.
Tá Aoife sásta ag deireadh an ghearrscéil freisin. Cé go bhfuil airgead á chailleadh aici i gcluichí pócair, tá sí ábalta airgead a ghoid ó chuntais bhainc. Tá a fhios aici go bhfuil rud éigin neamhghnách ag baint le hEmmet agus tosaíonn sí á leanúint. Tá áthas uirthi a fheiceáil go bhfuil sé ag saothrú go leor airgid. Tosaíonn sí ag scimeáil airgid as a chuntas féin.
what he is up to making money
although unusual
Saint
Tá Emmet éirimiúil agus go maith ag ríomhairí. Tá sé santach mar ba mhaith leis a bheith saibhir go tapa, áfach. Is cuma leis go bhfuil sé ag goid airgid ón Lató. D’fhéadfadh sé post i ‘saotharlann faoi rún daingean’ a fháil, dar le hAoife, ach socraíonn sé casadh ar an gcoiriúlacht.
Tá Aoife cliste agus gealgháireach. Tá sí santach freisin, áfach, agus haiceálann sí isteach i gcuntais bhainc chun airgead a ghoid. Measann sí go bhféadfadh sí post a fháil i ‘scuad calaoise’, ach cosúil le hEmmet, socraíonn sí casadh ar an gcoiriúlacht’.
greedy he doesn’t care he could turn to crime
that she could
1. Cén fáth a bhfuil Emmet sásta ag deireadh an ghearrscéil? 2. Cén fáth a bhfuil Aoife sásta ag deireadh an ghearrscéil? 3. Cén chaoi a léiríonn Emmet saint sa ghearrscéal? Is leor pointe eolais amháin. 4. Cén chaoi a léiríonn Aoife saint sa ghearrscéal? Is leor pointe eolais amháin.
Táim in ann anailís a dhéanamh ar na mothúcháin sa ghearrscéal ‘Quick Pick’.