Téigh go www.educateplus.ie/go/solas agus éist leis an amhrán ‘Solas’ le Seo Linn. Ansin, léigh na liricí os ard leis an duine atá in aice leat. An dtaitníonn an t-amhrán leat? Cén sórt ceoil é?
Solas Véarsa 1
Is minic triail a d’fhan liom le fada ‘na dhiaidh Dá mhéad an stró ‘sea ‘s is fearr na ceachtanna Tá mé ag siúl liom gan beann orm féin ná’r mo threo Anois caithfidh mé tiontú ‘s filleadh ar ais chun bairr
Curfá Seo’d an lá
A leagadh amach dom, rith liom i gcónaí im’ chroí Agus tá
An solas ag titim, ag sileadh anuas ar an aoibh Véarsa 2
B’í an lasair im’ chroí a spreag dom an tseanmhian Meangadh machnaimh ’s mé i bhfolach ann D’fhág mé an lorg ar lár an lá sin a rith mé ‘Bíodh leat ‘s ná lean an té a lean …’
Curfá Droichead
Ná bí ann – ins an dorchacht Oh no ná bí ann – ins an bhforaois Ná bí ann – ins an dorchacht Oh no ná bí ann – ins an bhforaois Oh no ná bí ann – rith le solas Oh no ná bí ann – ins an bhforaois Oh bíodh tú ann – ins an solas Bíodh tú ann – tú ann – tú ann
Curfá x 3 Críoch
B’í an lasair im’ chroí a spreag dom an tseanmhian Meangadh machnaimh ‘s mé i bhfolach ann