Cabhraíonn frámaí scríbhneoireachta go mór leis an bpleanáil. Cuireann tú agus freagraíonn tú ceisteanna chun an scéal a phleanáil. Tá an fráma scríbhneoireachta seo bunaithe ar an scéal ‘Fothrach Tí Faoin Tuath’ (leathanach 96).
Cad is teideal don scéal? Fothrach Tí Faoin Tuath Cá dtarlaíonn an scéal?
Fothrach tí faoin tuath, trasna an ghoirt ó theach Sheáin agus Léan, príomhcharachtair an scéil
Cathain a tharlaíonn an scéal? Oíche
Cé hiad na carachtair sa scéal?
Scríobh an chéad chúpla líne den scéal. Conas a bheireann sé greim ar aird an léitheora? (suimiúil, gearr, éasca le tuiscint)
Cad a tharlaíonn ar dtús?
Cad a tharlaíonn ina dhiaidh sin?
Agus ina dhiaidh sin? (2–4 phointe más gá)
Déan cur síos ar an mbuaicphointe (climax).
Lár an gheimhridh
Seán agus Léan, deartháir agus deirfiúr Beirt drongadóirí
‘Ar chuala tú an fothram sin, a Sheáin? Céard ba chúis leis?’ ‘Ní cheapaim gur ón seomra seo a tháinig sé, a Léan. Ceapaim gur ón dorchla a tháinig sé.’
Tá Seán agus Léan ag féachaint thart ar an seanteach iargúlta seo nuair a chloiseann siad beirt drongadóirí ag teacht.
Cloiseann Seán agus Léan na drongadóirí ag caint faoi mhálaí airgid san íoslach.
Buaileann fón Sheáin. Cloiseann na drongadóirí an fón. Tosaíonn na déagóirí ag rith.
Ritheann na drongadóirí sa tóir ar Sheán agus Léan.
Punann 3.3 Déan fráma scríbhneoireachta bunaithe ar an dúrún dúnmharaithe ‘Dúnmharú i dTeach Tuaithe’ (leathanach 94). Tá teimpléad ar leathanach 28 de do phunann.
Táim in ann fráma scríbhneoireachta a úsáid chun scéal a phleanáil. nócha a naoi 99