Tá clú agus cáil ar an gceol Gaelach, nó ceol traidisiúnta na hÉireann, ar fud an domhain. Murab ionann agus an ceol traidisiúnta i dtíortha eile, tá tóir mhór air in Éirinn. Ar na bannaí ceoil is cáiliúla in Éirinn, tá Kíla, Altan, The Bothy Band agus The Bonny Men. Ar na ceoltóirí is mó cáil in Éirinn, tá Mairéad Ní Mhaonaigh (fidil, guth), Martin Hayes (fidil), Maitiú Ó Casaide (píb uilleann) agus Lisa Canny (cláirseach).
Ar na bannaí ceoil agus na hamhránaithe in Éirinn a chanann as Gaeilge, tá Emma Ní Fhíoruisce (bailéid), IMLÉ (hip-hop) agus Seo Linn (popcheol). Canann Ed Sheeran, Delorentos agus Kodaline amhráin as Gaeilge freisin.
Sean-nós
Is cineál amhránaíochta é ‘an sean-nós’. Tá an traidisiún seo ann leis na glúnta.
Ní sheinntear aon uirlisí ceoil in amhránaíocht ar an sean-nós. Úsáideann amhránaithe ar an sean-nós stíl amhránaíochta ar a dtugtar ‘ornáidíocht’.
Ar na hamhránaithe ar an sean-nós is cáiliúla, tá Seosamh Ó hÉanaí, Nell Ní Chróinín, Iarla Ó Lionáird agus Saileog Ní Cheannabháin.