Cuirim mo dhóchas ar snámh i mbáidín teangan faoi mar a leagfá naíonán i gcliabhán
a bheadh fite fuaite de dhuilleoga feileastraim is bitiúman agus pic bheith cuimilte lena thóin
ansan é a leagadh síos i measc na ngiolcach is coigeal na mban sí le taobh na habhann, féachaint n’fheadaraís cá dtabharfaidh an sruth é, féachaint, dála Mhaoise, an bhfóirfidh iníon Fhorainn?