SCRÍOBH Cárta Poist ó Mheiriceá Léigh agus scríobh
Léigh an cárta poist seo faoi shaoire sciála i Meiriceá agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Beannú
A Chonchúir, a chara, Cad é mar atá tú? Súil agam go bhfuil tú i mbarr na sláinte!
Táim ar shaoire scoile sciála in New Hampshire i Meiriceá, mar is eol duit. Tá sé thar barr anseo! Aimsir fhuar atá ann ach is cuma — tá na sléibhte go hálainn agus tá siad go léir faoi bhrat sneachta. Faighimid ceachtanna sciála gach lá agus tá an teagascóir an-lách agus an-chabhrach.
Corp
Tá go leor rudaí eile le déanamh sa cheantar ina bhfuilimid ag fanacht. Tá ionad siopadóireachta mór agus pictiúrlann ann. Cheannaigh mé go leor éadaí inné — ní chreidfeá na praghsanna! Creid é nó ná creid, chuamar chuig cluiche haca oighir aréir. Cluiche spleodrach a bhí ann.
Rachaimid go Bostún arú amárach agus gheobhaimid turas treoraithe ar an gcathair agus ar Ollscoil Harvard. Táim ag tnúth go mór leis.
Críoch
Beidh mé ar ais Dé Luain seo chugainn. Feicfidh mé ar scoil thú. Ádh mór! Éabha
Buntuiscint 1. Cá bhfuil Éabha ar saoire?
2. Déan cur síos ar an áit ina bhfuil sí agus ar na rudaí a dhéanann sí ann.
3. Cad a dhéanfaidh sí arú amárach? Léirthuiscint
Cén fáth nach bhfuil an aimsir fhuar ag cur isteach ar Éabha, meas tú? Noda!
• Tosaigh an cárta poist leis an ainm, mar shampla ‘A Mháire, a chara’, agus an beannú. • Abair go bhfuil tú ag baint taitnimh as an tsaoire. • Déan cur síos ar an áit a bhfuil tú agus ar na háiseanna. • Déan cur síos ar na rudaí a rinne tú/a dhéanann tú gach lá/a dhéanfaidh tú. • Abair cathain a bheidh tú ar ais. • Críochnaigh an cárta poist le d’ainm.
214 dhá chéad a ceathair déag
Greamaigh stampa anseo
Conchúr Mac an Bhaird Mullach Dubh Tír Chonaill Éire