Is éard is brí le téama an dáin ná an smaoineamh is tábhachtaí atá sa dán. Léigh an freagra samplach seo agus freagair na ceisteanna.
Ceist shamplach:
Cad é príomhthéama an dáin ‘Stadeolaíocht’? Mínigh do fhreagra. Freagra samplach:
Measaim gurb é ‘tionchar an fhóin chliste’ an príomhthéama sa dán ‘Stadeolaíocht’.
Úsáideann an file scéal gearr greannmhar chun teachtaireacht níos doimhne a thabhairt dúinn. Cailleann an file an bus mar tá sé sáite ina fhón cliste. Tá an file ag rá linn go mbímid go léir ag cailleadh amach ar go leor rudaí tábhachtacha sa saol mar bímid sáite san fhón cliste.
In áit féachaint suas agus taitneamh a bhaint as an saol thart orainn, caithimid an iomarca ama ar na meáin shóisialta nó ag imirt cluichí amaideacha. In áit labhairt le daoine chun treoracha a fháil, bímid sáite sa GPS. In áit ceist a chur ar dhuine, seiceálaimid gach rud ar Google.
Mar sin, tá tionchar mór ag an bhfón cliste ar an saol. Is athrú chun donais é, dar leis an bhfile.
Influence
deeper message
foolish
change for the worse
1. Cad é príomhthéama sa dán, de réir an fhreagra seo? 2. Cad a úsáideann an file chun teachtaireacht a thabhairt dúinn? 3. Cén fáth a mbímid ag cailleadh amach ar go leor den saol thart orainn? 4. Tabhair dhá shampla a léiríonn go mbímid sáite san fhón cliste. 5. An aontaíonn tú leis an bhfreagra samplach seo? Tabhair fáth amháin le do thuairim.
An file
Is as Baile Átha Cliath é Marcus Mac Conghail. Is file, scríbhneoir agus ceoltóir é. Scríobh sé leabhar filíochta darb ainm Ceol Baile. Bhuaigh sé duais mhór filíochta in 2015.