Radharc 1 1. Céard atá an seisear déagóirí ag iompar? 2. Cad a fheiceann siad in aice an locha? 3. An aithníonn Sinéad an lucht dumpála? 4. Cé mhéad euro d’fhíneáil a chaithfidh tú a íoc, dar leis an bhfógra?
Radharc 2 5. Céard atá le cloisteáil taobh amuigh d’oifig sa Chomhairle Chontae? 6. Cad a thógann Seán Mac an Mháistir as a phóca?
Radharc 3 7. Cad a d’fhág Seosamh ar an bportach? 8. Cén fáth nach raibh Éamonn Beag ábalta an lucht dumpála a fheiceáil i gceart? 9. Cén chuma atá ar Sheosamh nuair a bhriseann sé isteach sa chúirt? 10. Cad a ghearrann an Breitheamh ar na cosantóirí?
Léirthuiscint
1. Nuair a fheiceann na déagóirí an bruscar in aice an locha, socraíonn siad súil a choinneáil ar an áit. Cén fáth a raibh imní ar Eilís?
2. Cén fáth nach seasann Éamonn Beag leo? Bí ag caint!
I ngrúpa, pléigh na ceisteanna seo: An smaoineamh maith í fíneáil de €800 a bheith ann as bheith ag dumpáil? Cén fáth?
Táim in ann ceisteanna a fhreagairt ar an dráma Gleann Álainn.