Buntuiscint 1. An duine éirimiúil é Emmet? Cá bhfios dúinn? Is leor pointe eolais amháin. 2. Cá bhfios dúinn gur duine mímhacánta é Emmet? 3. Cá bhfios dúinn gur duine cairdiúil í Aoife? Luaigh pointe eolais amháin. 4. An duine cliste í Aoife? Cén fáth? 5. Cá bhfios dúinn gur duine mímhacánta í Aoife? Luaigh pointe eolais amháin.
Léirthuiscint
An bhfuil Aoife mícheart airgead a ghoid ó Emmet, meas tú? Cén fáth? Tabhair fáth amháin le do thuairim.
Scríobh agus labhair
Roghnaigh carachtar amháin. Scríobh trí aidiacht faoi nó fúithi. Taispeáin an liosta don duine atá in aice leat. An féidir leo a thomhas cé hé nó cé hí?
Táim in ann anailís a dhéanamh ar charachtair sa ghearrscéal ‘Quick Pick’.