Is daoine dímheasúla iad Séamus agus Peadairín. Is cuma leo faoin timpeallacht agus dumpálann siad bruscar in aice le loch álainn. Is cuma leo faoin gcoiriúlacht. Is cuma leo faoi bhreab a thabhairt do Thadhg.
Is daoine sotalacha iad freisin. Féachann siad anuas ar na páistí i seomra na cúirte. Tá siad lánchinnte de nach bhfeicfidh aon duine iad ag dumpáil. Tá siad lánchinnte de go mbuafaidh siad an cás cúirte freisin.
criminality arrogant
Buntuiscint 1. Cén sórt duine í Sinéad? 2. Cad a fhaigheann Sinéad amach faoina Daid? 3. Cén fáth ar duine cliste agus diongbháilte é Seosamh? Luaigh dhá phointe eolais. 4. Cén sórt duine é Daid Shinéad? 5. Cén sórt duine é Éamonn Beag? Luaigh dhá phointe eolais.
6. Cén fáth ar daoine dímheasúla iad Séamus agus Peadairín? Luaigh pointe eolais amháin.
Léirthuiscint 1. Cén carachtar is fearr leat? Cén fáth? Tabhair dhá fháth le do thuairim.
2. Roghnaigh carachtar amháin. Liostaigh cosúlacht amháin agus difríocht amháin idir tú féin agus an carachtar sin. Scríobh agus labhair
Roghnaigh carachtar amháin. Scríobh trí aidiacht faoi nó fúithi. Taispeáin an liosta don duine atá in aice leat. An féidir leo a thomhais cé hé nó cé hí?
Táim in ann anailís a dhéanamh ar charachtair sa dráma Gleann Álainn.