Is gnáthdhéagóir í Pádraigín. Ní rud neamhghnách é a bheith ag brionglóideach sa rang. Ní rud neamhghnách é bualadh le buachaill nó cailín nua. Ní rud neamhghnách é saoirse a bheith uait. Mar sin, ní haon ionadh go bhfuil Pádraigín ag iarraidh beagáinín níos mó spáis.
Tá a tuismitheoirí cosantach agus buartha faoi Phádraigín. Caithfidh sí deireadh a chur leis an ngaol le Diarmaid, mar shampla. Ba mhaith lena tuismitheoirí agus lena múinteoirí go n-éireodh go maith léi sna scrúduithe.
Sa ghearrscéal ‘Spás’, feicimid an éifeacht a bhíonn ag athruithe sa bhaile ar dhéagóirí.
Téamaí eile: Athrú, Saoirse agus Daoirse, Fadhbanna Pearsanta, Míshásamh/Míshuaimhneas, Cumarsáid
unusual to want; it is no surprise
that she succeeds
Bí ag caint!
Cén téama is láidre, meas tú? Nó an gceapann tú go bhfuil téama eile níos láidre? I ngrúpa, pléigh do thuairim.
Táim in ann anailís a dhéanamh ar na téamaí sa ghearrscéal ‘Spás’.