Caibidil 2 Labhair Léirigh an t-agallamh seo leis an duine atá in aice leat.
Pádraig 1. Cad is ainm duit?
Pádraig is ainm dom ach Páid a thugann mo chairde orm.
2. Cén aois thú? Ceithre bliana déag. Tá mo bhreithlá ar 25 Deireadh Fómhair. Scairp atá ionam.
3. Cén sórt duine thú? Is duine ard agus lúfar mé. Imrím spórt. Is breá liom é.
4. Cá bhfuil tú i do chónaí? Páirc Cara i mBaile Átha Cliath.
5. Cé mhéad duine atá i do theaghlach? Tá ceathrar againn: Máire, Síle, Seosamh agus mé féin. Is mise an dara duine is óige. Is í Máire an páiste is sine. Tá sí pósta anois agus tá cónaí uirthi síos an bóthar uainn.
6. Cár rugadh do thuismitheoirí? Rugadh i Maigh Eo iad. Bhog siad go Baile Átha Cliath sé bliana déag ó shin.
7. Cad a dhéanann do thuismitheoirí? Tá mo Mham ag obair le Pavee Point, Ionad an Lucht Siúil, i lár na cathrach. Is tiománaí tacsaí é m’athair.
8. An réitíonn tú leo? Réitímid go han-mhaith le chéile.
Scríobh Freagair na ceisteanna seo i do chóipleabhar. 1. Cén sórt duine é Pádraig? 2. Cá bhfuil sé ina chónaí? 3. Cé hé an páiste is sine i dteaghlach Phádraig?
Scríobh agus labhair
Freagair na ceisteanna a d’fhreagair Pádraig (Ceisteanna 1–8) i do chóipleabhar. Ansin, cuir na ceisteanna seo ar an duine atá in aice leat. Taifead an comhrá ar d’fhón póca nó ar do ríomhaire.
Táim in ann ceisteanna faoi mo theaghlach agus fúm féin a fhreagairt. seasca a trí 63 my friends call me
married
4. Cár rugadh tuismitheoirí Phádraig? 5. An réitíonn Pádraig lena thuismitheoirí?