Caibidil 3 Léigh Léigh na freagraí samplacha seo. Ceist shamplach:
An dtaitníonn an dán ‘An Ghealach’ leat? Tabhair dhá fháth le do thuairim.
Freagra samplach:
Taitníonn an dán ‘An Ghealach’ go mór liom ar dhá chúis: (i) an íomhá den ghealach agus (ii) an dóchas atá sa dán.
Ar an gcéad dul síos, is breá liom an íomhá den ghealach. Cuireann an file síos ar áilleacht na gealaí. Deir sí gur ‘banríon na spéartha’ í. Cruthaíonn an ghealach áilleacht freisin. Bíonn sí ‘ag scaipeadh scáileanna’ san oíche.
Ar an dara dul síos, is maith liom an dóchas atá sa dán seo. Tá an file ar turas san oíche. Nuair a fheiceann sí solas na gealaí, smaoiníonn sí ar an solas atá inti féin. Is réalta eolais é an solas seo. Tugann sí fuinneamh agus treoir di.
inside of her guidance
hope
Ceist shamplach:
Cad é an mothúchán is láidre sa dán ‘An Ghealach’? Tabhair fáth amháin le do fhreagra.
Freagra samplach:
Sílim gurb é áthas an mothúchán is láidre sa dán seo. Tá an file ar turas agus tá an ghealach ag lonrú anuas uirthi. Tá áthas uirthi mar tá sí ag leanúint a bóthair féin. Faigheann sí cosaint agus fuinneamh ón ngealach. Tá an ghealach cosúil le máthair agus cabhraíonn sí leis an bhfile. Tá áthas ar an bhfile go bhfuil a gealach féin aici. Leanfaidh sí solas na gealaí seo agus í ar a turas saoil.
shining
Punann 3.5
I ngrúpa, cruthaigh cur i láthair ar an dán seo ar PowerPoint nó Prezi. Bain úsáid as na cleachtaí a rinne tú ar an dán go dtí seo. Luaigh na topaicí seo a leanas:
• Scéal an dáin • Íomhánna
• Téamaí • An file.
Scríobh an chéad dréacht (draft) i do chóipleabhar. Ansin, léigh an seicliosta ar leathanach 33 de do phunann agus léigh siar ar do dhréacht. Ansin, athdhréachtaigh (redraft) an cur i láthair. Cuir na sleamhnáin chríochnaithe isteach i do phunann ar leathanach 32. Déan an cur i láthair os comhair an ranga.
Táim in ann anailís a dhéanamh ar an dán seo agus idirghníomhú leis. céad a naoi 109