Téamaí an dráma: Léigh Léigh faoi théamaí an dráma.
An timpeallacht
Tá téama na timpeallachta an-tábhachtach sa dráma Gleann Álainn. Ag tús an dráma, téann na déagóirí amach faoin tuath chun sceitsí a dhéanamh. Tá an radharc tíre go hálainn. Tá loch agus sléibhte áille ann.
Faraor, níl meas ag gach duine ar an timpeallacht. Tagann beirt fhear go dtí an loch chun málaí bruscair a fhágáil ann. Is cuma leo faoin timpeallacht.
Tá meas ag na déagóirí ar an dúlra, áfach. Nuair a fheiceann siad an lucht dumpála, tagann uafás orthu. Tá a fhios acu go bhfuil coir á déanamh ag na fir.