Ceist shamplach: An dtaitníonn an dráma Gleann Álainn leat?
Freagra samplach:
Taitníonn an dráma Gleann Álainn go mór liom mar is breá liom na teachtaireachtaí atá ann.
Ar an gcéad dul síos, foghlaimímid nár cheart dúinn tabhairt isteach. Is déagóirí diongbháilte iad. Ní thugann siad isteach ina dtroid in aghaidh na dumpála. Mar shampla, déanann siad agóid taobh amuigh d’oifig sa Chomhairle Contae. Nuair a dhéanann Seosamh dearmad ar a cheamara, téann sé ar ais chun é a fháil. Ar deireadh, buann siad an cás cúirte.
Ar an dara dul síos, foghlaimímid gur cheart dúinn aird a bheith againn ar an timpeallacht. Tá uafás ar na déagóirí nuair a fheiceann siad an bruscar in aice an locha. Ní ghlacann siad leis. Téann siad os comhair na cúirte chun an dumpáil a stopadh agus an timpeallacht a shábháil.
messages
that we shouldn’t give in
Punann 4.5
Samhlaigh go bhfuil duine nó daoine ag dumpáil i do cheantar. Dear póstaer chun an dumpáil a stopadh.
Dear an chéad dréacht (draft) den phóstaer i do chóipleabhar. Bain úsáid as na frásaí thíos.
aire! warning!
cosc ar dhumpáil no dumping má fheiceann tú if you see
TCCI ar siúl CCTV in operation
ná caitear bruscar don’t throw rubbish glaoigh ar
call
Ansin, léigh an seicliosta ar leathanach 45 de do phunann agus léigh siar ar do dhréacht. Ansin, athdhréachtaigh (redraft) do chuid oibre. Dear an leagan deiridh i do phunann ar leathanach 44.
COSC AR DHUMPÁIL
Táim in ann anailís a dhéanamh ar an dráma seo agus idirghníomhú leis.